Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Ainbhthin
- XML Leathanach 323
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a gheobhadh sé. Geobhadh sé sgór punt, bó agus coingear caoire. Caitheadh siad dhéanamh suas cé'n lá a mbéadh an posadh ann agus déireadh siad Diardaoin mar sé an lá is sone é. Tiochadh an fear chuig teach na mná ar maidin agus go leó daoine in éinfeacht leis agus cruinniú mór daoine insan teach roimhe. Bhíodh lá maith acab ag an mbainfheis ag ithe 'gus ag ól go dtí a ceathar a chlog tráthonóna. Caitheadh an lánamhain annsin a dhul chuig teach an Phobail agus Pósadh annsin iad. Deirtear gur éadach gorm an t-éadach is sona a bheith ar an mbean. Bhíodh pisreóga acab fresin; déireadh siad pér bith cé acha do'n lánamhain phósta a rachadh amach as teach an Pobail ar dtús tar éis a bposadh gur bé a chaillfidhe ar dtúis.
- Bailitheoir
- Máire Ní Uigínn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó hUigínn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 61
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe