School: Cill Ainbhthin (roll number 14591)
- Location:
- Killannin, Co. Galway
- Teacher: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sé an caitheamh aimsire atá ag na páistí thart timcheall na h-áithe seo. An Diabhail agus n t-angeal. Cruinnigheann fiche acu le céile agus bíonn duine díobh sin ina cheannaire. Piocann an ceannaire beirt eile annsin amach agus bíonn ainm ar an mbeirt.
Téigheann an beirt i gcoirnéal dhóibh féin agus fághann siad ainm; siad na h-ainmneachaí a fhághann siad annsin Neamh agus ifreann agus ní bhíonn fhíos ag an gcuid aca cé aca Neam na ifreann.
Tughann an ceannaire dathanna ansin do'n chuid eile. Glaodhann an bheirt eile na dathanna annsin. Má ghlaodhann duine acu ar dhath agus más é an dath ceart é. Ritheann an duine go mbeiréád sí uirthí. Nuair a bhíonns na dathanna ar fad glaoidhthe aca. Teigheann leath aca ar gach taobh. Seo caitheamh aimsire eile atá ag na paistí ag deanamh tigte beaga; fághann siad cárnán clocaí agus maidí agus luachair.
Déanann siad na ballaí i dtosach agus fághann siad áit doras ann. Annsin fághann siad na maidí agus cuireann siad treasna ar an dion iad. Annsin fághann siad an luachair agus cuireann siad ar na maidí, agus socruigheann siad go deas ar an dion iad ionnos nach(continues on next page)- Collector
- Treasa Ní Fhinneachta
- Gender
- Female
- Address
- Maghera Beg, Co. Galway
- Informant
- Bartla Ó Finneachta
- Gender
- Male
- Age
- 54
- Address
- Maghera Beg, Co. Galway