School: Cill Ainbhthin (roll number 14591)
- Location:
- Killannin, Co. Galway
- Teacher: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Ainbhthin
- XML Page 354
- XML “Ráthanna agus Liosanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)thár an áit. Deirtear go bhfuil ná sidheóa annsin agus go bhfuil siad ag cur a mallairt leath.Tá áit i ngarraidh Peadair Ó Mhaoldhomhnuigh Sruadh Uachtar Árd Co ná Gaillimhe dár b'ainm Lios na h-Ór. Tá sé déanta már bothán ach is ó clocai a rinneadh é. Nuair a bhí an cogadh ann deirtear ins an bhliadháin 1916 no Seachtmhaine Cásca bhí sé már áit gcomnuidhe ag na fir óga a bhí ag theiceadh ó na Sasanaigh. Tá sé beaghnach leaghtha anois ach tá na ballaí ann fós.Tá ceann i ngarraidh Pheadair Ó Mórchuda í (?) gCor a' Bheithe Uachtar Árd, Co na Gaillimhe ach níl fhios ag na daoine cé'n t-ainm ceart atá air ach tugann cuid aca leas a' Sideóg air. Áit na sideóga iseadh é ach níl síad ann anois mar ta sé leaghtha. Deirthear go d'tainic cuid aca isteach go teach Mórcudha ach bhí síad ag ceapadh gur tinncéirí a bhí ann, ach nior bh'ead ach sidheóga an leasa a bhí in's an lios in aice leis an teach. Bhí Padhraigh O Morcuda ag teacht abhaile ón Aonach oidhche agus bhí sé deireannach agus cuala sé na sidheóga ag gabhail amhráin chuaidh(continues on next page)
- Collector
- Eibhlín Ní Mhaoldhomhnaigh
- Gender
- Female
- Address
- Porridgetown West, Co. Galway
- Informant
- Maithis Ó Maoldhomhnuigh
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Address
- Porridgetown West, Co. Galway