Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thár an áit. Deirtear go bhfuil ná sidheóa annsin agus go bhfuil siad ag cur a mallairt leath.Tá áit i ngarraidh Peadair Ó Mhaoldhomhnuigh Sruadh Uachtar Árd Co ná Gaillimhe dár b'ainm Lios na h-Ór. Tá sé déanta már bothán ach is ó clocai a rinneadh é. Nuair a bhí an cogadh ann deirtear ins an bhliadháin 1916 no Seachtmhaine Cásca bhí sé már áit gcomnuidhe ag na fir óga a bhí ag theiceadh ó na Sasanaigh. Tá sé beaghnach leaghtha anois ach tá na ballaí ann fós.Tá ceann i ngarraidh Pheadair Ó Mórchuda í (?) gCor a' Bheithe Uachtar Árd, Co na Gaillimhe ach níl fhios ag na daoine cé'n t-ainm ceart atá air ach tugann cuid aca leas a' Sideóg air. Áit na sideóga iseadh é ach níl síad ann anois mar ta sé leaghtha. Deirthear go d'tainic cuid aca isteach go teach Mórcudha ach bhí síad ag ceapadh gur tinncéirí a bhí ann, ach nior bh'ead ach sidheóga an leasa a bhí in's an lios in aice leis an teach. Bhí Padhraigh O Morcuda ag teacht abhaile ón Aonach oidhche agus bhí sé deireannach agus cuala sé na sidheóga ag gabhail amhráin chuaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Mhaoldhomhnaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cnoc an Bhracháin Thiar, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Maithis Ó Maoldhomhnuigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Seoladh
- Cnoc an Bhracháin Thiar, Co. na Gaillimhe