Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)
- Suíomh:
- Cluain Brón, Co. Galway
- Múinteoir: Máire Ní Ghiobúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bionn rann ag cuid de na daoine agus seo ceann"Éadaigh seana fá Nodhlag, is
Eadaigh nua fá Cháisg." - Siad na h-ainmhithe atá againn ar an bhfeilm ná beithidhig, caoirigh, muca, gamhna, asal agus capall. Tá ba ag chuile duine go mór mór na daoine fán dtuaith. Ní thugann ainmneacha do na beithidhig acht amháin na ba. Siad na h-ainmeacha is mó a thuganns siad ortha ná 'Bob', 'an Bhó Dubh' is 'an Bhó Bhreac'. Sin é do réir a dathanna. Tugann siad 'Polly' agus Síle ortha freisin. Nuair a bhíonns fear ag tiomáint na ba deireann sé 'habha, habha', nó 'thoirt as sin', agus imtheochadh na beithidhig leo. Ní bhíonn aon ainmneacha ag na daoine ar na gamhna acht deireann siad 'suc, suc' ag glaodhach ortha.Bothán a tugtar ar theach na mbó. Cuirtear tuighe agus raithneach mar leabaidh faoí na beithidhig. Ceangluightear na ba agus na gamhna le slabhra is le rópa. 'Ceangal' a tugtar ar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. Galway