School: Dealgain (roll number 11770)

Location:
Dalgin, Co. Galway
Teacher:
Breandán Ó Riain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0041, Page 117

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0041, Page 117

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dealgain
  2. XML Page 117
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tháinig gasúr isteach í leabharlainn lá amháin agus d'iarr sé ar an leabharlainnaidhe leabhar a thabhairt do le léigheamh. Thug sé é. Níor stad an buachaill ach ag gaire chomh fada agus an leabhar aige agus an lá ar na bhárach agus an lá in a dhiaidh sin arís tháinig se isteach agus d'iarr an leabhar ceadna. Níor thúisge a fhosgladh sé a leabhar gach lá ná bhuaileadh sé ag gáire nó go mbíodh sé tuirseach. Tháinig an leabharlainnaidhe léis lá amháin agus d'fhíafruigh dhe cén cainnt ghreannmhar ins an leabhar a bhí ag baint an gáire as. "Féach air sin" arsa an gasúr ag cur a mhéire ar an phictuir in a raibh tarbh buile in dhíaidh fir agus an fear bocht ag rith go tapaidh ag iarraidh a cosa a thabhairt ó'n tarbh. "Féach air sin" ar seisean tá an tarbh sin in dhiaidh an fir sin le seachtmhain agus níor tháinig sé suas léis fós.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Lurcáin
    Gender
    Male
    Address
    Cloonagh, Co. Galway