School: Scoil N. Íde
- Location:
- Márthain, Co. Kerry
- Teacher: Éamonn Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé bullán cloiche na bhaclainn a bhí timcheall lé seacht gcéad méadhcaint agus chuir sé ceangailte sa talamh í agus tá sí lé feiscint go dtí an lá indiu.
Do bhí fear ar an gClochán Dubh uair dárd ainm do Séamus Bácaoir. Ana ghaisgeach dob eadh é agus théigheadh sé go dtí talamh An Éisg ag iascach. Níor bhuail aon fhear riamh leis chuirfheadh síos é. Aon lá amháin bhuail gaisgeach leis agus theastuig uaidh go raghadh sé ag leagadh lé Séamus. Seo chun a chéile aid agus ní fhéadfadh aon duine aca bogadh ná sádh bhaint as an bhfear eile.
Annsan tháinig driofúr Shéamus ag cabhrú leis. Dúbhairt sí lé Séamus druidim amach uaithe agus gurbí féin an bhean do.
Seo chun a chéile iad agus leag sí ar cnámh a dhroma an gaisgeach. Phrioc sé leis go tapaidh agus ní fheacfhaidh aoinne fé dhéin na dúthaighe san amach é.(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Ghairbhíghe
- Gender
- Female
- Informant
- Séamas Ó Laoí
- Gender
- Male
- Address
- An Fheothanach, Co. Kerry