School: Scoil N. Íde

Location:
Márthain, Co. Kerry
Teacher:
Éamonn Ó Catháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0420, Page 032

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0420, Page 032

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil N. Íde
  2. XML Page 032
  3. XML “Daoine Cáiliúla an Cheantair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Na fir gaisge:
    Fear maith láidir do b'eadh Pádraig Ó Laoí ón bhFeóthnaigh. Do mairbh sé tarbh thíos ag an Mhullach Bhéal sa Leitriúch. Bhí sé táréis siúbhal ón bhFeóthnaigh agus ní raibh aige ach maide nuair a bhuail an tarbh leis.
    Fear maith láidir eile do b'eadh Diarmuid Ó Bheaglaoí ón bhFeóthnaigh. Do thóg sé ar a dhrom cloch mór go raibh méadhchaint leath-thonna. Bhí an cloch sin na seasamh ag chrosaire Baile'n Mhúraigh, agus níor fhéad aoinne i thósaint.
    Fear láidir eile do b'eadh Mícheál Mac Gearailt ó Bhaile Ghainín Beag. Thug sé dhá phaca mine ón ndaingean lá agus níor thóg sé i bhfad uaidh. Is amhlaidh a chuir se paca ré gach ascaill.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Ghairbhíghe
    Gender
    Female
    Informant
    Séamas Ó Laoí
    Gender
    Male
    Address
    An Fheothanach, Co. Kerry