Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Kerry
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 037

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 037

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Smerwick (B.)
  2. XML Leathanach 037
  3. XML “Seanranna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Is gnáthach gach domhnach na lá shaoire
    Is gnáthach faoileán ar an dtraig
    Is gnáthach tart ar fhear an tsiubhail
    Agus roimis an ubhall a thagann a bhlát
    Guidhim ort beannacht na Cásga
    Guidim ort grásta Dé
    Sógh agus sonas go bráth duith
    Rath agus grádh go héag.
    Croiceann caoireach casta ar a chéile
    Is é mar léine ar Mháirtín
    Máirtín crochta is é gan chosa
    Is é ag díol a phuithín bláithig.
    Aon oidhche dheag agus oidhche gan Áireamh
    Ó Oidhche Shamhna go dtí Oidhche Lae Mártan.
    (Máighistir) = Bfeárr liomsa ná an baile seo
    Agus ná baile na buaile
    Go mbead mo ghoile agamsa
    Chómh maith le'm bhuachaill.
    (Freaghra an bhuachala ar an gcainnt seo thuas)
    Dá neirigeóchfasa gach maidean & an baile se chuardach
    Dul ón mbaile seo go baile na buaile,
    Teacht ar ais agus tasair do bhualadh.
    Annsan bhead do ghoile agatsa chómh maith le'd bhuachaill.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Dómhnall Ó Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    15
    Seoladh
    An Baile Loiscthe, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Peig Ní Murchadha
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    c. 78
    Seoladh
    An Baile Loiscthe, Co. Kerry