Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 038

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 038

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Smerwick (B.)
  2. XML Leathanach 038
  3. XML “Seanranna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Níl daonacht í ngaodalaibh mar dimthig a mbláth,
    Mar thréigeadar a fhéile agus an creideam do bhfeárr
    Dimthig a ngaodal agus fuair an charthanact bás,
    Agus níl gaodhal ag éinne le duine gan áird.
    (Na cheitre neithe atá do dhéanta)
    (I)
    Lán gad do ghainimh ar thráig.
    Lán mála do dhaoí ar ghualainn.
    Ag ínnsint scéalta do lán tíghe mhná.
    Nú ag cumadh dánta do dhaoine cráidte buadha.
    (II)
    Ag adhthú teine ar loch,
    Ag bailiú chlocha ar chuan,
    Ag tabhairt cómhairle do mhnaoí bhuirb
    Nú ag gábháilt dod dhorn ar iarann cruaid.
    Ná cuir iomad dod stór í dtaisce dod chlainn
    As spiarí mná ná bíodh do mhuinghín,
    Buile don dtuad a thabhairt dí i gcuing an mhuingúil;
    Don té a thabharthach a chuid an tsaoghal do mhac ná do m[?]
    (cheitre chómhairle mhaithe iad so thuas.)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Dómhnall Ó Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    15
    Seoladh
    An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Peig Ní Murchadha
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    c. 78
    Seoladh
    An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí