School: Scoil N. Breandán
- Location:
- Baile na nGall, Co. Kerry
- Teacher: Tadhg Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Breandán
- XML Page 214
- XML “An Brianach Óg”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (Máire Ní Catháín ó Baile na Mhinúraig a thug an t-amhrán so dham. Feach eolas uirthi roime seo)
(I)Raghad'sa amáireach anonn thar sáile
Ag ceannach láírín dom mhíle stór
Fuip Naomh Áine gus sríán na láímh dheis,
Gus íallait árd fé na 'tassels' ór.
(II)Lá le Pádraig i dtig-a-tábhairne bhíosa
Is mo ghasra aoibhinn lem thaoibh ag ól,
Cé suidhfeadh taobh liom ná triúr póilíní,
Is a mbrántasaí acu go sgríobhfa an chóír.
(III)Do phreabas am shuidhe súas don steart do bhí 'gam,
Is mo mhaide droighne go cruinn am dhóid,
Do bhúaileas flíp ar an bhfear ba ghroidhe acu,
Agus do dhein san slíghe amach don Bhríanach Óg.
(IV)Chuireas mo theachtaie le fórsaibh Daingne
Go Baile an Teármain nó síár go Cóbh,
Mar a mbíodh na marcaig ag rás ar a gcapallaibh
Gach lá breágh margaidh agus maidin Fóghmhair(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Catháin
- Gender
- Female
- Address
- Baile na bhFionnúrach, Co. Kerry