School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)
- Location:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Teacher: Dll. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Do dhein na fir óga suas go ndóghfaidís a thig. Uair dá raibh Seán imthighthe chómh fada le Tráighlí do dhóghadar na h-úirlisí go léir air agus nuair d'fill sé ní raibh faic roimis acht na fallaí. Ní raibh aon tslí beatha aige anois agus dob éigean do dul go Tig na mBocht.
(2) Do bhí cúipéir ina chómhnaidhe i mBaile Móir 50 bl. ó shoin. Do bhí tig oibre aige san áit ina bhfuil Tig Muinntir Ó Cléirigh anois. Partalón Ó Luasaig do b'ainm do. D'foghluim a cheárd ó Thadhg Ó Mainnín a bhí ina Chúipéir sa Daingean. Do bhíodh sé ag déanamh feircíní agus cilléirí agus do bhíodh sé ag déanamh cannaí chun bhainne agus meadracha. Do bhí a lán úirlisí aige agus táid san san mbaile fós, scaipighthe idir muinntear an bhaile.- Collector
- Seán Ó Gribhthín
- Gender
- Male
- Address
- Muileann an Ghlíomaigh, Co. Kerry
- Informant
- Bríghid Ní Gríbhthín
- Gender
- Female