School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)
- Location:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Teacher: Dll. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
- XML Page 102
- XML “File”
- XML “An Drochshaol”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gallanta ná faghaidís náda de bhárr lá an dreoilín. Bhí ár láir cómh cómhrac le láir bhán Domhnall, cómh beárrtha le smólach d'imtheocaidh ó píleár. Cuadhamair don stáise sin go dtí Baile Crám siar agus níor mhaith an t-ádh é dá fheabhas í a slíghe. Acht speal is curránaibh is picí sáthach in dhiaidh ár lárach is í air ár ndruim.Máire Ní Gríbhthín,Baile Móir, Dainghean.
Thug Nioclás Ó Gríbhthín, Baile Ghá, Paróisde Moorach, dom é. - An Droch-shaoghal.
Do luig an droch-shaoghal ana mhór ar an áit seo. Do bhí dhá oiread daoine ann an uair sin agus a thá anois. Do bhí na prátaí bainnte ag gach duine agus iad istig sa tig aca nuair a tháinig an dubh ortha. An Lobha Dubh a tugadh air an dubh nuair a tháinig sé ar dtúais. Gabáiste a bhíodh le n-ithe aca nuair a tháinig an dubh air na prátaí. Do bhí fo-dhuine nár tháinig an dubh air na prátaí aca in aon chor agus bhíodar ag(continues on next page)