School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)annuas ar a chéile.
“Stadh anois” ar sise “Tá do dhóthain do seo agat”
“Tá mise an bhuidheach díot”
“Beidh saidhbhreas go deo agat” ar sise “tabhair leat abhaile é” dhein sí “shake hands” leis is d’fhág sí slán aige is d’imthigh leí go dtí na Flaithis os a comhair amach.
“Níl mála na mealbhóg agam” ar seisean “Chun mo chuid oír do breith abhaile liom. Cad a déanfaidh mé?”
Cad do dhein sé ach an trabhsar do chaitheamh de . Bhí córda amuigh air is íochtar an trabhair . Bhuail sé anuas an trabhsar, chuir an t’ór isteach ann is bhuail anair ar a dhrom é agus bhí a dhothain d’ualach air go dtaínig sé abhaile . Nuair do thaínig sé bhí Siobhán agus gach aon bhéir aice. Cheap sí gurbh amhlaidh a mhairt an Sprid é .
“A Siobhaín , ní baoghál duit sprid na púca, eírigh agus oscail an doras”.
D’eírig Siobhán, leig isteach é . Chaith sé an t-ualach amach ar an mbórd agus thaisbeaín sé an t-ór di.
“Dia le m’anam” ar sise “ Ca bhfuair tú é?”
“Déanam” ar seaisean “agus tabhair liom an tarna h-oighean”
Bíodar tagaithe abhaile sar ar éirigh aoinne timpheall na h-áite, Ní h-é a geodladh a chuadar. Bhí bácus ag fear an clochaín . Thug sé di Siobhaín . “Imthigh agus tabhair leat do dhóithin araín tae agus siúcre agus mo dhoíthin tobac chugam sé”
D’imthigh an bhean bocht agus thug sí leí a h-ualach
“Dein corcán breágh tae” ar sisean “agus glaoidh ar ár geaírde agus tabhair béile maith dóibh”. D’imthigh sí agus ghlaoidh sí ortha agus thángadar.(continues on next page)- Informant
- Pádruig Ua Ruaidhre
- Other names
- Pádruig Ua Ruaidhre
- Patson Ruaire
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Occupation
- Iascaire
- Address
- Lios na Caolbhuí, Co. Kerry