School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)m'anam, nach fada atá sí." Do thaínig sí annsan deire “Céad mile fáilte romhat , is mithid duit ceart”, ar seisean. “táim sé feadh na h-oidhche ag fanacht leat”. Tr’om i leith an píopa sin”.
“Gheobhair é agus míle fáilte” ar sise. Do thairg sí an píopa do “Seo” ar seisean, “agus beannacht dé le d’anam agus le h-anamnaith I bhPurgadoír. Ma tá peaca ar t-anam go múscailidh Dia tú”
Do tharraing sí stair mhaith do’n píopa í féin agus thairg sí chuige airís é an tarna babhta agus ghuid go ducrachtach le na h-anamnaithe I bhPurgadoír. Tharraing sé an píopa is ghuidh sé trí h-uaire le-n-a h-anam.
“Sé do bheatha id’shaoghal is id’shláinte” ar sise “is fada do bheinn I bpiantaibh Purgadóireachta muna mbeadh tusa . Táim ullamh dul go Flaitheas anois. Téanam anois is tabharfaidh mé píopa is tobac duit”
Do bhí tigh I geomhnuidhe in aice na roilige. “Téir anois” ar sise “cuir do lámh isteach agus tarraing an bolta agus beir leat an sluasad agus an ramhainn go dtabhairfaidh mé píopa is tobac duit”
D’imthigh , is nuair do chualadar gach aon bhéic acu cheap na daoine gurbh’ é an Sprid a bhí ann. Chuadar isteach san roiligh, bhí tor sceiche gile ansan.
“Bhí se ag romhar agus beadh sé ag romhar ag bun na sceiche gile”, bhí an eagla air bhí an poll dá dhéanamh cómh doimhin san.
“Tá eagla teacht orm”
“Ní gádh duit eagla , ní bhaoghal duit mise, tá an iomad anóis agam duit. Sáith síos do romhainn”.
Do dhéin. Do bhraith sé mar bheadh leat. Ghlanadar mór teimpheall na lae agus thógadar an leac. Is amhlaidh a bhí dhá oighean óir agus iad(continues on next page)- Informant
- Pádruig Ua Ruaidhre
- Other names
- Pádruig Ua Ruaidhre
- Patson Ruaire
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Occupation
- Iascaire
- Address
- Lios na Caolbhuí, Co. Kerry