School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cómh maith agus an bhó a thabhairt dó. Bhí seacht gcinn de shearraigh ag an gcapall annsan agus nuair a bhiodar cuibheasach mór thug sé trí cinn acu go Aonach an Chláir chun iad do dhíol. Annsan fuair sé triúr fear ó Baile 'n Fheiritéirgh agus thug sé na capaill dóíbh le tabhairt abhaile do i dtaobh nár dhíol sé iad. Bhí sé cuibhseasach deirneach san oidhche nuair a bhíodar ag teacht abhaile. Nuair a bhíodar ag teacht gairid do'n tigh chonnacadar rud mor dubh i lá an bhóthair rómpa.Ní raghadh aon cheann de na capaill thairis an rud. Se deire (?) chuaidh an capall dubh is sine chun tosaigh gus chuir sé an dá chapall eile thairis an ruda. Bhí sé féín lán d'allus agus ar maidin amáireach nuair a chuaidh an buachaill aimsire go dtí an stábla is amhlaidh a bhí na capaill ar fad liath.Mara mbeadh an capall dubh bheadh na fir marbh.
- Informant
- Máighréad Bean Uí Mhistéil
- Gender
- Female
- Age
- 77
- Occupation
- Bean iascaire
- Address
- Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Kerry