Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- XML Leathanach 219
- XML “Capaill Dhubha Phiarais Feiritéar”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cómh maith agus an bhó a thabhairt dó. Bhí seacht gcinn de shearraigh ag an gcapall annsan agus nuair a bhiodar cuibheasach mór thug sé trí cinn acu go Aonach an Chláir chun iad do dhíol. Annsan fuair sé triúr fear ó Baile 'n Fheiritéirgh agus thug sé na capaill dóíbh le tabhairt abhaile do i dtaobh nár dhíol sé iad. Bhí sé cuibhseasach deirneach san oidhche nuair a bhíodar ag teacht abhaile. Nuair a bhíodar ag teacht gairid do'n tigh chonnacadar rud mor dubh i lá an bhóthair rómpa.Ní raghadh aon cheann de na capaill thairis an rud. Se deire (?) chuaidh an capall dubh is sine chun tosaigh gus chuir sé an dá chapall eile thairis an ruda. Bhí sé féín lán d'allus agus ar maidin amáireach nuair a chuaidh an buachaill aimsire go dtí an stábla is amhlaidh a bhí na capaill ar fad liath.Mara mbeadh an capall dubh bheadh na fir marbh.
- Faisnéiseoir
- Máighréad Bean Uí Mhistéil
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 77
- Gairm bheatha
- Bean iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí