School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 226
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Baintreabhach an MhuilinnBhí lánamha an-bhocht sa mhuileann fadó, agus ní raibh de chlainn acu acht aon mhac amháin darb’ ainm Seán. Bhí miúil agus cráinn muice acu. Lá dar chuaidh an lánamha do’n tráigh ag baint iasgán d’fhágadar an mac istigh ag faire na cránach chun ná raghadh sí sa phrátaí. Ní fada a bhíodar imthighthe nuair a tháinig buachaillí óga na paróiste ag imirt liathróide ar ghort go dtugadar féar Pháidín air. Níor bhac an garsún an chráin agus chuaidh sé amach an gort ag imirt na liathróidhe.Ní fada a bhí sé ann nuair a chuimhnigh sé ar an gcráin. Nuair a chuaidh sé isteach abhaile ní raibh an chráin le fagháil aige. Chuaidh sé ag lorg na cránach agus is amhlaidh a bhí sí sa phrátaí agus iad ar fad loitighthe aice. Bheir an garsún ar chrann a bhí sa bheárnain agus rith sé indiaidh na cránach agus bhain trí banbh aiste. D’imthigh sé annsan ar eagla go bhfaigheadh sé aon mharbhú ó’n a mháthair.D’imthigh sé leis agus níor stad sé riamh ná coidhche gur chuaidh sé deich míle ó bhaile. Chuaidh sé isteach i dtigh agus d’iarr sé ar bhean a’tighe lóistín na h-oidhche thabhairt dó. Dubhairt sí nár b’fhéidir lei lóistín a thabhairt dó mar ná raibh fear a’tighe istigh. Sar a raibh fhios a thuille aice bhí sé istigh i bpucán na gcearc. I gcionn tamaill san oidhche(continues on next page)
- Informant
- Máighréad Bean Uí Mhistéil
- Gender
- Female
- Age
- 77
- Occupation
- Bean iascaire
- Address
- Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Kerry