Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Baintreabhach an MhuilinnBhí lánamha an-bhocht sa mhuileann fadó, agus ní raibh de chlainn acu acht aon mhac amháin darb’ ainm Seán. Bhí miúil agus cráinn muice acu. Lá dar chuaidh an lánamha do’n tráigh ag baint iasgán d’fhágadar an mac istigh ag faire na cránach chun ná raghadh sí sa phrátaí. Ní fada a bhíodar imthighthe nuair a tháinig buachaillí óga na paróiste ag imirt liathróide ar ghort go dtugadar féar Pháidín air. Níor bhac an garsún an chráin agus chuaidh sé amach an gort ag imirt na liathróidhe.Ní fada a bhí sé ann nuair a chuimhnigh sé ar an gcráin. Nuair a chuaidh sé isteach abhaile ní raibh an chráin le fagháil aige. Chuaidh sé ag lorg na cránach agus is amhlaidh a bhí sí sa phrátaí agus iad ar fad loitighthe aice. Bheir an garsún ar chrann a bhí sa bheárnain agus rith sé indiaidh na cránach agus bhain trí banbh aiste. D’imthigh sé annsan ar eagla go bhfaigheadh sé aon mharbhú ó’n a mháthair.D’imthigh sé leis agus níor stad sé riamh ná coidhche gur chuaidh sé deich míle ó bhaile. Chuaidh sé isteach i dtigh agus d’iarr sé ar bhean a’tighe lóistín na h-oidhche thabhairt dó. Dubhairt sí nár b’fhéidir lei lóistín a thabhairt dó mar ná raibh fear a’tighe istigh. Sar a raibh fhios a thuille aice bhí sé istigh i bpucán na gcearc. I gcionn tamaill san oidhche(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Máighréad Bean Uí Mhistéil
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 77
- Gairm bheatha
- Bean iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí