Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear i Leath-taoibh Meadhonach agus buaileadh a chapall breoidhte agus ní fheadar sé an tsaoghal cad dhéanfadh maitheas dó. Oidhche amháin bhí muinntir an bhaile cruinnighthe isteach ina thigh agus bhí gach duine acu agus a leigheas feín aige agus gan aon mhaitheas in aon cheann díobh. Bhí duine amháin ann agus dubhairt sé go raibh bean éigin sa pharóiste cheudna agus go raibh cáil uirthi de barr a cuid leighis.Chuir an fea fios ar an mnaoi láithreach agus niorbh' fhada gur ghabh sí an doras isteach chúcha. Fuair sí an capall sínte ar an dtalamh gan aon anam agus d'órduigh sí do's na daoine imtheacht as an gcistin mar nár cheart d'aoinne bheith istigh an fhaid is a bhí an t-ainmhidhe dá leigheas aice. Thosnuigh sí ar Ártha do rádh agus sar i bhfad d'éirigh an capall agus thosnuigh sí ag ithe agus chroch sí í féin agus bhí sí slán beo airís.Nuair a bhí an bhean ullamh ghlaoidh sí ar na daoine teacht isteach. Niorb' fhada go bhfuaradar amach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Eamonn Ua Conchubhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Siopadóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ionad na bPoll, Co. Kerry