School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 258

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 258

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Page 258
  3. XML “Piseoga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    20) Dá mbeireadh an bás ar ghamhain nó ar ainmhidhe éigin chuirfí salann ina bheál agus ina chluasaibh agus mara mbeadh san chaillfí iad go léir
    21) Dá dtéígheadh duine amach istoidhche agus dá mbeadh sé ag filleadh tréis a dó dhéag a chlog ba cheart dó gan féachaint ina dhiaidh in aon chor nó chídhfeadh sé na púcaí
    22) Dheineadh na seandaoine cros de shineán agus chuiridís fé chois an' chúpla í agus deiridís nár bhaoghal do'n tigh sin an fiabhras go ceann bliadna
    23) Nuair a bhídís ag tógaint tighe chuiridís ceann capaill fé'n urlár, lámh duine mhairbh fé (-) , agus nior cheart tigh treasna do thógaint ar aghaidh leasa
    24) Nuair a chaillfí gamhain chuiridís na crúibíní ar crochadh ar na fraightheacha
    25) Dá mbeadh na h-ainmhighthe ag fagháil bháis ar dhuine agus dá gcuireadh sé ceann acu ar thalamh duine eile raghadh an bhreoidhteacht go léir go dtí an fear sin
    26) Dá bhfaghthá braon maothaile ó dhuine de's na cómhursain ba cheart duit an t-oighean bheith ar an dteine nuair abheadh súil agat leis
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Seaghdha
    Gender
    Male
    Age
    89
    Occupation
    Iascaire
    Address
    An Baile Loiscthe, Co. Kerry