School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí triúr righthe insan domhan toir fadó agus bhíodar ana-chomhachtach, agus bhí gach aon tír fé n-a gcois acu. Chualadar trácht ar Fhionn agus na Fianna agus dubhradar go dtiocfaidís agus go dtógfaidís Éire as na Fianna. Thángadar, pé sceul é, isteach go cuan Fionn Trágha agus bhí na Fianna ann rómpa. Dubhradar le Fionn go rabhadar chun cath do chur air. Bhí Fionn i gcruadhchás mar dubhradar leis ná múcfadh uisce iad, agus ná dóghfadh teine iad, agus ná márbhóchadh claidheamh iad."Acht conus a bheidh fhios againne ná múcfadh uisce sibh?" arsa Fionn leo.
"Cuir amach ar thóin na fairrge sin amuigh sinn, agus fág ann sinn pé fhaid is maith leat é agus chifhfir go mbeimíd chómh slán folláin is a bhomar riamh nuair a thógfar anios sinn."Dhein Fionn amhlaidh agus chuir ceangal lae agus bliadna ortha. D'imthigh Fionn agus níor dhein sé stad ná staonadh gur bhain sé amach an domhan thoir. Nuair a chuaidh sé idtír insan áit sin d'fhág sé a bhád ar ancaire amuigh insan gcuan agus chuaidh sé fé dhéin an bhaile ba ghoire dhó. Ar a shlighe do chonnaic sé fear agus(continues on next page)- Informant
- Máighréad Bean Uí Mhistéil
- Gender
- Female
- Age
- 77
- Occupation
- Bean iascaire
- Address
- Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Kerry