School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bean ag teacht fé-n-a dhéin, agus níor túisce a chonnaic nár dhein sé leanbh beag de féin agus shuidh síos agus thosnuigh ag gol is ag beícigh. Tháinigh an fear agus an bhean i leith chuige agus d'fhiafruigheadar de cad abhí air agus dubhairt sé leo go raibh sé caillte leis an bhfuacht agus d'iarradar air teacht leo feín go dtí-n a bpálás. Chuaidh Fionn ina dteannta agus bhí sé ina pheata acu á chaitheamh ó bhais go bais. Aon lá amháin bhí an bhean ag glanadh seomra, agus gan dabht bhí Fionn ina teannta. Pé rud abhí Fionn á dhéanamh chonnaic sé trí cinn de chaipíní ar crochadh ar an bhfalla agus fuair sé cathaoir agus chuaidh sé ag triall ortha agus rith go dí an bhean agus ar seisean:
"Ó a Mham" (Mam do ghlaodhadh sé ar an mnaoi) chá bhfuairís na caipíní deasa san?"
"Ó a chroidhe" ar sí sin. "ná bíodh aon lámh ins na caipíní sin agat, mar is le mo thriúr driothár iad san atá imthighthe go h-Éirinn chun Fionn Mac Cumhail do chur fé chois."
"Agus, a Mham," arsa Fionn, "ná fuil fhios agat go bhfaighidh Fionn Mac Cumhail an buadh ortha."
"Ná biodh eagla ort a chroidhe, ní'l aon rud chun an buadh d'fhagháilt ortha acht na trí caipíní sin, agus chómh luath agus a gheobhfaidís aon radharc ortha thuitfeadh an t-anam asta."Nior bheag san. Bhí an fios go léir fachta ag Fionn acht níor leig sé aon rud air. Cúpla seachtmhain ina dhiaidh san bhí piast mhór le teacht, agus bhí ar an rí a inghean do thabhairt di le n-ithe. An lá san bhí an fear(continues on next page)- Informant
- Máighréad Bean Uí Mhistéil
- Gender
- Female
- Age
- 77
- Occupation
- Bean iascaire
- Address
- Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Kerry