School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus an bhean san ag dul ag féachaint ar an bpéist, agus bhí Fionn ag gol ag iarraidh dul leis mar 'dhéadh, acht dubhairt an bhean leis go mbeadh an iomarca daoine ann, agus go raibh sé ró-bheag. Seadh, d'imthigh an bheirt agus dubhradar le Fionn abheith deas macánta go dtiocfaidh siad abhaile.Níor thúisce imthighthe iad nár dhein Fionn fear mór áluinn airist do féin agus fuair na caipíní agus chuir cuige iad. Nuair a thaínigh sé anuas an cistin tháinigh scannradh ar an gcailín aimsire nuair a chonnaic sí é, agus d'innis Fionn di cérbh'é féin. D'iarr sé uirthe teacht ina theannta go dtí an phiast agus dubhairt léi gan aon eagla do bheith uirthe roimis an mnaoi ná leigfeadh sé féin di aon rud do dhéánamh di. Chuaidh sí ina theannta agus nuair a shroicheadar an áit go raibh na daoine bailighthe tháinigh iongnadh ar ghach aoinne nuair a chonnacadar an leanbh beag abhí tagaithe ag feuchaint. Niorbh fhada dóibh ann nuair a ghabh an phiast cúcha isteach agus bhí seacht gceann, ? seacht mbeann agus seacht gcosa uirthe. Bhí inghean an riogh dá tógaint anuas de'n gcrann le tabhairt di le n-ithe nuair a léim Fionn amach agus scréach sé amach é féin do leigint cúiche, acht cheap na daoine gur as a mheabhair abhí sé agus bhiodar d'á chaitheamh siar. Acht léím Fionn isteach le linn do'n pheíst abheith ag gabhailt timcheall, agus thóg a chlaidheamh seacht dtroighthe san aer agus leig anuas sa cheann uirthe é, agus leis an mbuille sin bhain na seacht gceann ? di. An tarna buille thug dhein dá leath de chnámh a(continues on next page)
- Informant
- Máighréad Bean Uí Mhistéil
- Gender
- Female
- Age
- 77
- Occupation
- Bean iascaire
- Address
- Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Kerry