School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)droma agus leis an dtriomhadh buile do mhairbh í.Tháinig iongnadh ar ghach aoinne nuair do chonnacadar cad a bhí deunta ag an leanbh beag agus tháinigh an rí cuige agus dubhairt leis go dtiubhradh sé aon rud ba mhaith leis do, acht dubhairt Fionn ná raibh aon rud ag teastáil uaidh. Chuaidh Fionn annsan go dtí an fear agus an bhean agus d'fhág slán acu, agus chuir idtuigsint de'n bhfear gan cur isteach ar an gcailín aimsire mar gurbh' é féin a thug ann í. Annsan do leath a dhá láimh amach agus do léim agus níor dhein stad ná staonadh go dtáinig sé go dtí an áit ina raibh árthach agus chuir do, agus i gceann dá lá bhí sé tagaithe isteach go Cuan Fionn Trágha. Bhí bliadhain agus lá imthighthe. Bhí fáilte agus céad ag na Fianna roimis, acht ní raibh aon mhisneach ortha mar bhí fhios acu go raibh an triúr beo. Chuir Fionn Diarmuid amach ag triall ar an dtriúr, acht má chuaidh bhí an triúr beo.
"Seadh," arsa Fionn le Diarmuid, "beidh ort-sa troid le duine acu-san, agus má bhuadhann sé ort tá deire leis an bhFéinn"Má chuaidh Diarmuid ag troid le duine acu ní fada a bhí nuair abhí sé ar lár, acht chuaidh Fionn sall chuige, agus thaisbeáin a chaipín dó agus ní luaithe a dhein ná thuit an t-anam as agus bhí an lámh in uachtar ag Diarmuid. Thaisbeáin a gcaipíní do'n bheirt eile annsan agus níor thúisce a dhein ná thuit an t-anam asta. Mara mbeadh na caipíní bheadh an Fhiann ar lár.- Informant
- Máighréad Bean Uí Mhistéil
- Gender
- Female
- Age
- 77
- Occupation
- Bean iascaire
- Address
- Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Kerry