School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 309

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 309

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Page 309
  3. XML “An Gabhar”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (I)
    Ar aonach Iomarláin lá seal dá rabhas,
    Shileas gur b'árd liom an lá cheannuigheas gabhar,
    Thugas go dtí Máire é ó ráínigh sí ann,
    Agus is í bhí lán d'áthas ag ól a cuid meabhais.
    Chóirigh sí gairdín agus fál air dhá fheabhas,
    Deamhan plannda cabáiste níor fhág sí agam ann;
    Niorbh é sin ba chás ach nár chruinnigheas mo mheabhair
    Nuair a scaoilim as mo láimh é bead sáidhte sa bhfeall.

    (II)
    Faigh laincidí cnámh de'n chnámh a bheidh reamhar,
    Agus ceangail go h-ádhmharach cosa d'á cheann,
    Scaoil i dtír scraitheach le fánaidh dh'e'n ghleann,
    Sin a n-iarrfadsa sásamh chionn a mbearr sé mo chuid geamhair.
    Mo chreac is mo chráidhteach mo chás is mo lom!
    Cuirim-se céad slán chun na h-áite 'na rabhas,
    Guithíní báis ní tráchtfaí liom ann
    Ach mo scaoileadh mo ráib agus í fhágáílt fé'm cheann.

    (III)
    Isteach i bpáirc fhásaigh a bheadh árd-ghlas go Samhain,
    Mar a mbeadh biolair dhá fhagháíl ach a fhásfadh cois abhann,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Mac Gearailt
    Gender
    Male
    Age
    c. 60
    Occupations
    Feirmeoir
    Oibrí
    Address
    Cruach Mhárthain, Co. Kerry