School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
![The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 374](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0425%2FCBES_0425_374.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 374
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí naomh i bParóiste na Cille insan tsean-aimsir agus deiridís go raibh sé dá choinneál suas i láimh Dé. Aon lá amháin ní bhfuair an naomh aon rud le n-ithe ó neamh, agus bhí iongnadh air cad 'na thaobh ná fuair sé rud le n-ithe mar ba ghnáth. Chuala sé guth dá rádh leis gur chuir sé fearg ar Dhia indé.
"Conus?" arsa'n naomh.
"Mar níor thugais buidheachas do Dhia an lá do bheith fliuch" arsa'n guth. "Agus chun maitheamhnachas d'fhagháil caithfidh tú dul san abhainn sin thíos agus fanacht ann go dtí go bhfásfaidh biolar óg id' dhorn".
"An mhaith", ar seisean, "raghaidh mise annsan".
D'imthigh sé leis an tráthnóna sin agus chuaidh sé isteach san abhainn. Ní 'fheadar cé'n fhaid do bhí se ann nuair do tháinigh fear treasna is bó aige. Bhí sé tréis í do ghoid. Bhí sé ag iarraidh an bhó(continues on next page)- Informant
- Séamus Loibhéad
- Gender
- Male
- Age
- 78
- Occupation
- Gréasaí
- Address
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry