School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
![The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 337](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0425%2FCBES_0425_337.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 337
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (a) Bhí fear i gCo. Mhuigh Eo fadó agus sé an t-ainm a bhí air Braonán Caoch. File a bhí ann freisin. Tréis go raibh sé caoch bhí an mhothú ann. Dá mbeadh duine ag tigheacht an bóthar bheadh fhios ag Braonán cé bheadh ann nuair a chluinfeadh sé torann a chuid cos. Lá amháin bhí an Mórdhach mór agus Aodh Ua Ceallaigh ag dhul an bóthar, agus chonnaiceadar Broanán Caoch ag tigheacht ina dtreo.
"Ní labhrfamuid anois le Braonán" ar rad le chéile., "go bhfeiceamuid an aithneochaidh sé sinn."
Nuair a chuadar tgairis amach. "Ó Mórdhach na deirce atá ann" arsa braonán, "agus Aodh bréagach Ua Ceallaigh."
"Céard dubhairt tú'" arsa'n Mórdhach le braonán.
"Ó Mórdhach croidhe na féile" ar seisean, "agus Aodh glé gheal Ua Ceallaigh."(b) Tháinig braonán isteach i dteach a chuirfeadh sé suas go minic ann, agus d'fháigheadh giollacht mhaith freisin. Ach an uair seo ní raibh fear an tighe istigh roimhe agus ní raibh bean an tighe ag tabhairt aon ghreim le n-ithe do Braonán. Bhí braonán ahn céasacht agus ar tí a mhallacht(continues on next page)- Informant
- Páidín Ó Meádhra
- Gender
- Male
- Age
- Over 60
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Ros Muc, Co. Galway