School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhlaiseadh aice ionus go mbéadh ar a cumas teacht ar n-ais cuige. Dubhairt sí leis iarraidh air í leigint thar n-ais agus ná cuirfeadh sí isteach coidhche ar a mhnaoi chéile.
Nuair do fuair an Caomhánach bocht an litir baineadh preab mór as, agus siúd leis 'on Daingean, do'n Chanónach, Domhnall Ó Suilleabháin, agus d'iarr sé comhairle air. Do dhein an sagart machtnamh ar an scéal agus sa deire dubhairt sé leis an gCaomhánach gan bhacadh leis an mnaoi sin a sciobadh uaidh. Dá dtagadh sí thar n-ais annsan ní bheadh aon nídh ach achrann is clampar is mí-ádh dá bharr. Dhein sé rud ar an sagart; D'fhan an bhean mar a raibh sí, sa deire b'éigean di biadh na sidheoga d'ithe agus nior cualathas trácht uirthe ó shoin.
Tá sliocht an Chaomhánaigh sin i Ráth Fhionáin fós.
NÓTA: Chuala ó chailín de Mhuintir Shéaghdha go ndeir cuid de na daoine gur go Co. Doire a sciobadh í.- Informant
- Eibhlín Ní Chonchubhair
- Gender
- Female
- Age
- 54
- Occupation
- Bean rialta
- Address
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry