School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
![The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 370](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0425%2FCBES_0425_370.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 370
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Aon oidhche amháin timcheall cúig bliadna déag is fiche ó shoin bhí Cait bean Uí Chonchubhair is a mac is a beirt ingean ina suidhe go deanach. Bhiodar tréis beart bróg d'fhagháilt agus d'fhanadar ina suighe ag cur marcanna ar na bróga. Do thainigh an mheán-oidhche agus chualadar go léir an cnag ar an bhfuinneóg sa chistin. D'fhéachadar amach ach ní raibh aoinne amuigh. D'fhanadar tamall eile ach nior chualadar airís é. Annsan chuadar a codhladh.
An lá ina dhiaidh sin b'éigean d'Eibhlín dul go Tráighlí, agus nuair do tháinigh sí abhaile bhí a máthair an bhreoidhte ar fad. Ní raibh sí cómh dona riamh ná ó shoin , agus ní fhéadfadh an dochtúir aon nidh do dhéanamh di. Bhí sí 'na luighe ar feadh i bhfad agus ba dhóbair di bás d'fhagháil, ach sa deire d'innis sí don sagart, an t-Ath. Kirby, mar gheall ar an gcnag. Chuir sé a bheannacht uirthe agus leigheasadh í agus tá sí beo fós.- Informant
- Sr. Eibhlín Ní Conchubhair
- Gender
- Female
- Age
- 54
- Occupation
- Bean rialta
- Address
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry