School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 13/168
Bealoideas ón “lios”:
“Nell Ceallacháin” a chómhnuig i “Lios-na-Caolbhuidhe” i bparoiste Bhreanndáin, a dhein an caoineadh seo dá céile (Jackie Rourke).
Bhí “Siobhán d’Mórdha” cómharsa béal-doruis di ag éisteacht léithi oidhche an tórraimh. Níor thaithnig an caoineadh le Siobhán, toisc ná raibh sí féin ‘s “Nell” ró-mhór le na chéile roimis sin - bhíos caismirt cearc eatortha go minic - agus do bhris ar an bhfoighne ’ci is do fhreagair sí “Nell” i lathair a raibh istig.Nell:
Mo ghrádh ’s mo rún thu!
Bhís béasach ’s múinte
Do thugais mé thar na tríucha,
Agus is sinn’a bhí rúnach.
Siobhán:
Nár leigidh Dia dho an chúilfhionn!
Do thug sé leis thar na tríucha,
Ní raibh sí béasach ná múinte,
Ach í a’bruighean leis an ndúthaig.(continues on next page)- Collector
- S. O Loinsigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Diarmuid Ó Rioghbhardáin
- Gender
- Male
- Address
- Lios na Caolbhuí, Co. Kerry