School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Do chuadhas ar rith go Taobh-a-Chnuic.”
Fígheadóir a bhí ar an “lios”, gur theastuig úghaim uaidh chun píosa bréide d’fhígheadh, do dhein an racaireacht so.
“Deabhans” (Downes), nó Ó “Dubháin”, do b’ainm do.
I
Do chuadhas ar rith do Taobh-a-Chnuic,
Go dtí Learaí ó Loinsigh ó Laoghaire.
’Sis amhlaidh a bhí sé rómham ’na shuidhe,
’S é deisiú líon ar saothar;
Do loirigeas úghaim air má bhí sí ’rúnach,
Go bhíghfinn-se blúire bréide,
‘S dúbhairt sé liom-sa, go raibh sé i gcumhangrach,
‘S ná féadfad triúr é réidhteach.
II
Do chuadhas go mall go Hannraí Deabhans,
Fear ná raibh dall ar aon rud,
Bhí a scian bhreag ramhar ’s é baint croicinn de ghabhar,
Agus allus go trom ar a léine.
Do loirigeas ughaim air má bhí sí runach,
Go bhfíghfinn blúire bréide.
Ach dúbhairt se liom gur sciob easú,
Amach sa tsrúil aréir í.Leon [t/?](continues on next page)- Informant
- Ó Dubhán
- Gender
- Male
- Occupation
- Fíodóir
- Address
- Lios na Caolbhuí, Co. Kerry