School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ná a bhaintreabhach a bhí laithreach leis,
agus éad ag an fxcailin léithi, fé'n am so.
Do labhair an sagart.
IV
(An Sagart): Éist, éist! a bhaghbaire caille!
(An Cailín): Éist-se féin, a rábaire sagairt!
Túill so scilling, agus téir abhaile!
Agus caoinfhead-sa féin mo dhriotháir ó go maidin
V.
Dá mbeithfhea agam-sa cois Abha' Caoile
Cois Aba' Móire, nó cois Abha Bríghde
Annsúd do gheóbainn-se mná do chaointe
Gan amhras do mháithrín a thug súgh croidhe dhuit
Do ghoilfeadh Cáit ort, Maire 's Síghle
Agus dar ndóightir ní leigfinn-se barra na Slíghe leo.
VI.
A dhriotháir Ó, sa dhriotháir na gcarad
Eirigh aniar 's gléas do chapall!
Tá na coilig ag glaodhach 'san lá a' breacadh
Agus is mithid dúinn féinig triall abhaile
Chun a ínnsint dos mháithrín atá fe mhairg
Gur gol mná aonair a bhí aréir ar a leanbh.- Collector
- S. Ó Loingsigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir