School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 029/
Scéal an fhiolairScéal na fhiolair
Bhí bliain daor ocrach ann fadó. Bhí na luchaig, na franncaig, agus na h-éanlaithe go léir ag fagháil bháis leis an ocras. Do bhí luch ‘s spideog ag bhailiú bídh le na chéile i gcóir an geimhridh, agus nuair a bhí an biadh go léir curtha i dtaisce ’ca, arsa an luch leis an spideoig: “Íosfaidhmid do chuid bídh-se ar dtúis agus nuair a bheidh sé sin ithte againn, íosfaimid mo chuid bídh-se annsan.”
Thosnuigheadar ar an méid a bhí bailighthe ag an spideoig ar dtúis, agus nuair a bhí-san íghidthe (ídighthe) aca, ní raibh aon taidhreamh ag an luch a cuid féin do thabhairt do bharr carthanachta de’n spideoig. Bhí an spideog ag éileamh cirt, agus fé dheire do aontuigheadar ar an scéal d’fhágaint fé mholadh na luchaig, na franncaig, agus na h-éanlaithe go léir; agus cheapadar lá a bheadh oireamhach chun an moladh-san do bheith aca i ndáiríribh.
Nuair a tháinig an lá do bhailig na luchaig a’s na francaig ag bun na páirce a bhí ceapuighthe i gcomhair an chruinnighthe, agus go bhailig na h-éanlaighthe go léir ag barra na páirce.
Bhí idir uasal ’s iseal(continues on next page)- Collector
- Máighréad Ní Dhéadha
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Informant
- Peats O' Mórdha
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 89