School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)déanta uirthi fós. Do tháínig sí ó's cionn an tobhair, agus mhionnuig sí i n-ainm Flainn, ná raibh ladhar ná lámh aici ionnta.Do chuir sí a lámh isteach síos san tobar, agus láithreach, do phreabh amach as a h-ucht na trí cinn de cheirtlíníbh Snaith, agus seo le fánaidh síós iad ag casadh timpeall 'sa gimeacht go ndeaghadar thar bhruach na faille síós; agus díreach ag bruach na faille, thios san screalm, do bhrí trí's na clocha glasa aníos trí cinn de thoibreacha breaghtha fíór-uisce ná raibh ann riamh roimis sin.Do thriomuigheadh an tobar thuas láíthreach; do scannruigheadh an cuirptheach, agus d'admhuig sí ar an bhfód san, go rabhadar na ceirtlíní aiiiici ag baile istig 'na bosca, agus í a' tabhairt na dearbhuithe ná rabhadar neómat roimis sin.Tá na toibreacha annsan ó shoin; agus seo mar deintear an Turas:-Nuair a raghfá ar an dtaobh istig de chlaidhe an bhóthair atá a dul ó thuaidh tríd an mbaile bheag, chífeá seacht gcinn de lioctháín bheaga i gcluthair (?) a chéíle. Do chaithfá thu féín ar do(continues on next page)
- Informant
- Seán Ó Súilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 80