School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
![The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 097](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0429%2FCBES_0429_097.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 097
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Page 097
- XML “An Bhean go dTug Dia na Maoin di, ach gur Cheil sé an Croí uirthi”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)97/168
Céile fhir a tíghe a bhí fé chlár.
Nuair a bhí an t-sochraid ag gluaisteacht lá’r na mháireach, d’iarr fear-a-tige ar dhuin’ éicint fanamhaint istig, agus dúbhairt an cailín leis go bhfanfadh sí féin.
Nuair a bhí an corp curtha agus gach éinne a dul abhaile, tháinig fear a tíghe taréis tamaill. Bhí sí istig roimis agus dhéin sí braon té dho arís; agus taréis tamaill do phós sé í.
Lá amháin bhí sí ag cur arbhair isteach i málaí, agus tháinig fear stróinséartha isteach an scioból chuici agus loirg sé mála cruithneachtan uirthi. Thúg sí an t-eiteachas do á ‘radh go raibh sé a lorg an iomad ar fad.
Do loirg sé trí gráinne annsan uirthi agus thug sí dho iad agus d’imig sé leis a triall ar an muileann. D’fhiarr sé ar an muillneóir na trí gráinne cruithnechtan do mheilt do, ach dúbhairt an muillneoir nár bhfiú faic an méid sin. Do dhein sé tathant cruaid air é dénamh, agus ar deire chuir sé an muileann ag obair.
Nuair thosnuig an muilleann ar casadh, seo amach leis an bplúr agus líonadh trí cinn de mhálaibh móra suas go bruach. Nuair a chonnaic(continues on next page)- Informant
- Seán d'h Órdha
- Gender
- Male
- Age
- 58