School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
![The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 152](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0429%2FCBES_0429_152.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 152
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)d'fhiafhruigheadar di cá raibh an téadán go raibh sí á' tarrac 'na diaidh, nó cad é an brígh a bhí aicí leis? Dúbhairt sí go raibh sé amuith i seómra bainne a bhí ar an dtaobh amuigh den dtig.Chuadar amach 's d'oscluigheadar an doras, agus is amhlaidh a bhí barraile mór annsan ná feacadar a leithéid riamh le méid; ach ní raibh aon rian den téadán le feiscint. Cuirimis ar nguailnibh i dteannta ar siad le chéile feuchaint cad tá fé'n mbarraille seo. Do dheineadar; agus nuair a bhogadar ó'n dtalamh é, chonnacadar an téadan agus é go léir smeartha le h-ím. Do leagadar an barraille. Tharraigeadar amach an téadán, agus thugadar leotha abhaile é go hArraGleann, agus ó'n lá san amach, níor bhraitheadar luigheadú a dul ar a gcuid ime.Mícheál O Fín 60 bl. a chualaidh ó'na atair. Ná maireann.
- Informant
- Mícheál O Fín
- Gender
- Male
- Age
- 60