School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Page 164
- XML “An Bhean a Bhíodh ag Goid an Ime”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean i Lios na mBó Bhán fadó i bparóiste Chlocháin agus bhí cúig cinn de bha aici. Pé iomard a bhí ar na ba, d'éirig, uair, ná féudfadh sí aon ím a dhéanamh fútha.
Do chuimhnig sí ar an Sagart, agus seó léithi is d'innis sí a scéal do. Cuir scéala a triall orm arsa an Sagart nuar a bheidh an chéad chuigeann eile á dhéanamh agat.
Do chuir agus tháinig an Sagart. Dubhairt sé léithi buarthaidhe na mbó go léir dó bailiú 's do thabhairt a triall air. Nuair a bhíodar go léir aige, tháinig sé agus ceangail sé gach aon ceann riamh aca tímpeall an bharraille agus d'órduig sé dhi annsan é chasadh.
An fhaid a bhí sí ag casadh bhí an Sagart a léigheamh. Ba ghearr gur chualadar an screadach go léir a déanamh fé na ndéin. Do thóg an Sagart a cheann, agus seó fé na dhéin an bhean agus agus í a scriachaig, agus "Scaoil mé! Scaoil me!" aici.
Thug an Sagart fóirithint uirthi; agus bhí a fhios annsan ag bean a tighe cé bhí a' guid a cuid ime, agus bhí an scéal go maith aici, ó'n lá san amach.- Informant
- Domhnall Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 83
- Address
- Cé Bhréanainn, Co. Kerry