School: Clochán (roll number 14987)
- Location:
- An Clochán, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí criú naomhóige lá a' teacht abhaile taréis spiléirí a tharrac agus bhíodar a teacht aníos inaice na talmhan. Bhí fairrge mór ann agus thanadar ró gairid do carraig mhór a tugtar Carra' Niochláis air. Do bhris fairrge ar a gcarraig agus do dhliuch sé lámh agus ceathramhain duine aca. Dubhairt an fear tosaigh sa naohóig leis an fear a liuchadh: "Bhuel a Mhichíl is maith a' taim é cun leath-piúint fuisgí a bhuadhachtaint. Chuirfead-sa geall leat ná déanfaidh tú dá bhéársa amhráin do Carra' Niocláis mar gheall ar tú a fhliuchadh, sara sroisfimíd an cé"
"Biodh sé na margadh" arsa Mícheál, agus taréis smuínimh beag a dheánamh, thosnuig sé ar an amhrán so a dhéanamh:-
Mícheál: A Charra Niochláis is gránda an beannughadh é
Ar maidin Dé Luain go granda droch-mhúinte,
Do fhliuchais mo lámh agus lár mo cheathramhan-sa,
Agus easgaine is smáilt go bráth id leanuint-se.
Carraig:Easgaine is smáilt ní gádh dhuit a guidhe dhom,
Mar is fada mé treasgairthe in imeall na taoide,
Nuair a tagann an Mharta is bearrtha piocaithe (?)
'Ge Frainnc is Tomás gach lá is a' sgreadaigh im thímcheall.- Collector
- Sighle Ní Chúrnáin
- Gender
- Female
- Address
- An Cheapaigh, Co. Kerry
- Informant
- Seán Ó Bric
- Gender
- Male
- Age
- 66
- Address
- An Clochán, Co. Kerry