School: Clochán (roll number 14987)
- Location:
- An Clochán, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochán
- XML Page 796
- XML “Ór i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a tháinig na Lochannaigh go dtí Eirinn fadó, do ceap na daoine go rabhadar ana machánta acht fé ceann tamaill do fuair na daoine amach gur bitheamhnaigh a beadh iad agus rabáilithe. Do bhí tigh beag tógtha aca thuas 'nar gcoillte ibfatha. Tugaimíd clochán an tsimné air. Do bhídís ag déanamh beoir agus do bhídís na gcodhladh ar feadh an lae agus amuigh san oidhche ag goid agus ag déanamh sgris. Aon oidhche amháin do rugadh ortha. Nuair bhraitheadar na daoine ag teacht do cuireadar an t-airgead ar innse na h-abhann agus innse an airgead a glaodhmíd ar an ait sin anois.Tá sé sin ar abhainn clocháin. Do bhí seanduine san ait seo agus isé an ainm a bhí air na Seán Mór. Is mó lá a bíodh sé a romhar le rainn agus le priocóid act do cuaidh dó an tór a déanamh amach agus níor dhéin aoinne amac ó shin é.
Is dóigh liom féin na bfaghfar go deó é sin mar imtig a lán de'n ór a bhí in Éirinn fadó. Ní raibh aon bannc ann cun an t-airgead a tógaint ann. Nuair a bualadh an cogadh eatartha do bhailig na h-éirinnig na sluaighthe ó's gach baile ó Dún Chuinn go dtí Tráighlí. Do bhailig na(continues on next page)- Collector
- Mícheál Ó Concubhair
- Gender
- Male
- Address
- An Fhaiche, Co. Kerry
- Informant
- Padruig Ó Concubhair
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Address
- An Fhaiche, Co. Kerry