School: Leithead
- Location:
- Lehid, Co. Kerry
- Teacher: Diarmuid Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leithead
- XML Page 005
- XML “Scéal Shéain Uí Chruadhlaíghe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéul Sheáin Uí GhruadhlaígheBhí fear in a comhnuighe i neisceart na h-Éireann fadó, agus ní raibh meas ag aoinne air, agus rud eile ní labharfadh aoinne leis. Bhí sé taobh amuigh don séipéal lá agus thánaig fear beag líath súas leis agus dúbhairt an fear beag le Seán dul go dtí lios anocht acht gan a mheisneacht do chaillúnt. Núair thánaig ag oidhche chuaigh Seán go dtí ag lios. Ní raibh sé ann i bhfad núair thánaig slúaigh mór d'fhearaibh isteach agus bhí camán ag gach aoinne. D'fhágadar ná chamán sa phareásta agus dimigheadar isteach sa lios. Ditheadar rud éigin annsan agus thánadar amach arís, agus dúbharadar le Seán go rubharadar ag dul go dtí Uladh anocht cun troid leis na daoine ann.Dúbhairt Seán go raghaidh sé féin leó agus agus chúadhadar go léir ináirde ar chapaill annsan agus ní rabhardar i bhfad ag dul ann, agus núair dhanadar go dtí an áit chuireadar Seán sa 'bow'. Bhúadar ar na daoine in Uladh an oídhche sin agus bhíodar ana bhuidhac do Sheán.Thánaig Seán abhaile annsan agus an Domhnach na diagh sin thánaig an fear beag ag caint leis arís agus dúbhairt sí leis dul go dtí an lios arís anocht, acht gan a mheisneach do chaillúnt. Chuadh Seán go dtí an áit agus ní raibh sé ann i bhfad núair thánaig na fir ceadhna isteach agus bhí córa na ngúalaibh(continues on next page)
- Collector
- Máighréad Ní Chathasaidhe
- Gender
- Female
- Informant
- Bean Uí Shúilleabháin
- Gender
- Female