School: Leithead
- Location:
- Lehid, Co. Kerry
- Teacher: Diarmuid Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó bhí bean ó Chill Gearabháin ag crú bó istigh i gcró, agus bhí buicéad agus sáspáin aici. Núair a bhíodh an sáspáín lán i gcomhnuighe aici do cuireadh sí an bainne isteach sa bhuicéad. Núair a bhí an buicéad nác mór lán. Thánaig cat isteach agus thosnuigh sé ag ól an bainne as an buicéad. Do chuir sí é amach an doras agus thánaig sé isteach arís agus chuir sí é amach. Bhí sé ag teacht agus ag teacht agus bhí sí cráidhte aige. An úair seo lean sí é i bhfad agus do chaith sí cloca leis. Núair a bhí sí ag teacht thar nais do bhraith sí pían mór in a glúin agus núair thánaig sí abhaile shuig sí ar an síacán agus bhí an pían ana mhór ar an glúin.Bhí sí ar an síacán ar feadh trí seachtaine agus ní raibh an cos ag dul a fheabhas. In ndeire na trí seachtaine do thóg sí amach trí sná as an glúin agus ní raibh aon pían ar ó shoin i leith. Do bhíodh sí ag fúagháil leis na sná.
- Collector
- Máighréad Ní Chathasaidhe
- Gender
- Female
- Informant
- Bean Uí Shéaghdha
- Gender
- Female