School: Leithead
- Location:
- Lehid, Co. Kerry
- Teacher: Diarmuid Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leithead
- XML Page 062
- XML “Scéal i dtaobh Liosa atá sa Chaisléan Ard Aodha”
- XML “Scéal na nGiorraithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 4. Tá gáirdín ar thaobh istig de na fallaí ar adhaig na fairrge sa Chaisléan Árd Aodha, agus tá lios ann, ach tá sé dúnta anois. Tímpeall seascha blíadhain ó shoin bhí sé oscaillte, agus do chúaidh triúr garsún cun an lios d'feisceant. Do chúaidh ceann díobh síos agus fúair sé maide shíos. Bhí sé ag teacht aníos agus an maide aige, do thosnuig rud éigeann san maide ag déanamh glóir. Do thánaig eagla ar an garsún agus do thuit an bata as a laimh. Do chúaidh an triúr abhaile annsan.
- Collector
- Maighréad Ní Ealuighthe
- Gender
- Female
- 5. Fadó do chonnacadar giarrfiadh ag rith ón tig atá ag na Sagairt soir go dtí lios atá san bpairc. Bíodh sé ag imirt céol deas go dtí go raghadh sé as a raidhearc síos an lios. Deirtear gur dhein an giarrfaidh cnaigar ar an dorus tighe an tsagart ar dtúis(continues on next page)