School: An Gleann Mór (roll number 13973)
- Location:
- An Gleann Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire T. Ní Chonaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann Mór
- XML Page 002
- XML “An Bhléineann sa tSnaidhm”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Trí comhgar gach céim agus aoird .
Ní raibh aon óigfhear i dtreo aige do dheanfadh
I thógaint a chéim úd aníos
Is is ró-olc na cómharsain bhí leí
Sa mhór-leacht do thraoth í gan mhoill
II
Cáisigheadh na cómharsain is téighidh
Is tóghaidh an bhléinfhionn n-a suidhe
Is cuiridh spóla i dtreo ar gach aoinne
Is geobhaidh siad go n-easgaidh leí aníos
Tá stór maith i dtreo agat a Sheamais
Agus mór stot do dheanfadh do chíos
Róstaí do gach deóraidhe gheobhaidh a d’éileamh
Agus seolfar go déidheannach a tslighe.
III
An chómairle ba mheoin leis do dhéin sé
Is do thóg leis gach réice ins a’tír
A shtreoradh tré mhór chnocaibh aonair
Is gan mór stad ? dheunaim sa tslighe
Thainig fórsa ró-mhór ortha is déidheannaige
Tóirneach ón spéir agus duibheach ( gaoth )
Is gur thógadar gleo lei a chéile
Gur dhóigh go raibh an bhléinfhionn i gcríoth.
IV
An “Foreman” do bhí ar a dtreud san
A fhógaire nár bhaoghal dóibh aon óige
Is go seolfaidís comhgar na sléibhte(continues on next page)- Informant
- Pádhruig Ó Conaill
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Ceapaigh na gCrann, Co. Kerry