School: An Gleann Mór (roll number 13973)

Location:
An Gleann Mór, Co. Kerry
Teacher:
Máire T. Ní Chonaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0467, Page 054

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0467, Page 054

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann Mór
  2. XML Page 054
  3. XML “Seán agus an Púca Mná”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear darb ainm dó Seán Mac Gearailt ag teacht ó bheitheachán tar éis an lae chaitheamh ann a baint an fhéir. Bhí a speal thar ghualainn aige agus a madra len a chois. Treasna bearna na Gaoithe bhí sé chun teacht. Oidhche spéir ghealuidhe a bhí ann is ní raibh sprid ná aon nídhe den tsórd a’ deanamh buadhartha do Sheán. Nuair a bhí sé ag teacht anuas ó’n Bheárnain thug sé fé ndeara ná raibh a mhadra le’n a chois. D’fheach sé thar a ghualainn is chonnaic sé gabhar na dhiaidh. I gciom cúpla nóimead chonnaic sé bean árd chaol in ionad an ghabhair.
    D’íslig sé an speal dá ghualainn. Tháinig an bhean i ngiorracht dó. Thosnuig Seán ag casadh na speile na thimcheall is níor bhféidir leis an sprid teacht ingar dó chun é mharbhú.
    Lean sé air ag siubhal is ag easadh na speile san am cheaudna gur shrois sé an Gráig mar a chómhnaig sé. Bhí breacadh a lae ann an tam san is do sgairt an choilig ins na Gráige. Béigheann do’n sprid ghlanadh lá annsan. Leig sí trí olagón mhóra cráidhte nimhneach? Gur mheas Seán gur airighead ag ceithre árdaibh an Ghleanna.
    Bhí a mhadra le’n a chois airís. Chuaidh sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Mac Gearailt
    Gender
    Male
    Address
    Inse Fhearann na gCléireach, Co. Kerry