School: An Gleann Mór (roll number 13973)
- Location:
- An Gleann Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire T. Ní Chonaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí ministir gallada sa Daingean tamhall mhór ó shoin agus mór rugadh a leitheíd de phleidhte amadáin riamh go dtí é. Bhí sé mór reamhar beaththuighte is bhiodh bríste mór leathan air agus casóg beag cúmhnag gearra.
Bhí sé pósta ag bhí mór seisear chloinne aige. Do cailleadh duine aca is ní raibh aoinne ag gol ‘na dhiaidh rud nár thaithn leis a’ ministir.
Tamall ‘na dhiaidh sin cailleadh duine eile aca agus thuit an rud cheudna amach - nior chaoin aoinne é . Mí ‘na diaidh sin cailleadh duine eile acu is dubhairt a mhinistir go gcaithfheadh duine éigin an leanbh so do chaoineadh.
Bhuail bachach mná leis darab ainm Páiste agus thug sé cúpla pinginn di ach an beanbh do chaoineadh. Bhí dúil sa bhraon age Páiste is d’ól sí a cúpla pinginn agus annsan dhein sí a chaoineadh :-
“mo chroidhe mo mhinistir do thuig dhá phinginn
Ach a leanbh do chaoineadh
Agus crích an leinbh seo ar a’ gcuid eile acu
Siar go hearball tímcheall “(continues on next page)