School: An Gleann Mór (roll number 13973)
- Location:
- An Gleann Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire T. Ní Chonaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann Mór
- XML Page 022
- XML (no title)
- XML “Smidí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Ar chualais riamh an rud a dubhairt a' fear chliste fadó.”
(continued from previous page)Mheas na sean-daoine gur aingealaibh ó Dhia na a peidhleacaín san. Chómharlaigh sé dos na cómharasana go léir dul ar an nglúinibh agus hataí a bhaint mar go raibh sluagh aingealaibh ag dul thairt.
Bhí iongnadh air na daoine eile mar b’fhios aca gur cleití a bhí ionnta gaus ní fheadadar a dhéanamh amach cad as a dtángadar.
Nuair a chualadar ar chonnus mar a thárla an sgeal, níor fhágadar splannc ag an duine bocht.- Smiodaí na mBanbBhí fear darbh ainm do Smidí ina a chónuidhe lámh le Póna na Stéige. Pínsinéir saighdiúra a bheadh é. Ní itead sé aon nídh ach sicíní agus ghearrchacha na bpréachán óga. Thabhradh sé pigininní dós na garsúin chun dul anáirde ar na crannaibh agus preucháin óga do thabhairt anuas dó. Nuair a cailleadh é dhein an bhean caointe an caoin seo air :-Ó mo Mháighistir , mo mháighistir.
Is mó sicín meíth do rug do ghrabhaisín riamh
Ochón, Ochón, Ochón.
Nóta: banbhaí óga is iad rostaidhthe ar bior, d’itheadh sé. Ex-Coastguard a b'eadh é. Do dhuine desna Blands a déineadh an