Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Kerry
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)isteach abhaile agus shin sé é féin ar an raca ní ró fhada a bhí sé ann nuair do hósgaileadh an doras beagán. “Cé tá ann “ arsa Seán “Teír a chodhladh a Sheán” arsa ‘ guth.
“tá go maith” ar seisean is chuaidh sé a codladh - Bhí droichead dá dheanamh ar an Ínne tamall maith ó shoin is do loitheadh is do sciobhadh an tuille í feadh na hoidhche. Lá amhaín ghaibh duine ná raibh ró ghiobhánta an treó agus ar seisean leis na fir oibre:-
“’Sis fada dhom ar an saoghal agus a leithéid seo d’obair
Ní fheaca riamh fós go dtí indhuí
An mhuir mhóir a’gabháilt aniar an tuille liag a gábhailt anoir
Droichead dá dheanamh gan chliath n’feaca riamh fós go dtí induí “- Faisnéiseoir
- Seán Ó Donghaoile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tOileán, Co. Kerry