School: An Gleann Mór (roll number 13973)
- Location:
- An Gleann Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire T. Ní Chonaill
![The Schools’ Collection, Volume 0467, Page 019](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0467%2FCBES_0467_019.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0467, Page 019
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann Mór
- XML Page 019
- XML “An Maide Coill”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ar maidin amáireach d’eirig sé go moch chun go dtabharfadh sé a mhaidí leis i gan fhios d’fear a’ thíghe. Ach mhothuig seisean ag eirighe é is d’eirig sé féin.
Do lean sé tamall ó’n dtig ag cainnt leis. Bhí Seán a d’iarraidh é chur abhaile ach ní raibh aon fhonn air ag imtheacht. Bhí sé ag suibhal leis go dtí gur chuaidh sé níos a sia ó’n dtig ná an áit a bhí an mhaide cuilin i bpoll. B’éigin do Sheán a mhaide d’fhágaint nar raibh sé. Nuair a bhí sé ag teacht chun an áit ?na raibh an mhaide chol i bpoll, b’éigin dó rith uaidh chun bhreith leis.
Thug sé leis an mhaide chol abhaile agus dar fiadh bhí cion aige uirthi. Tháing sé annsan ó’s na Cáiníní go dtí an Clochbhualadh agus a mhaide chol aige. Ins na lactheannta sin bhí Mícheál Riocard in a chomhnuidhe ar an gClochbhualadh. Do bhí capall sa bhfion-? aige le seachtain nár féidir leo fhágailt beo nó marbh. D’iarr sé ar Sheán Ruadh du lag cuardach a’chapall feachaint a’ bhfaigheadh sé beo nó narbh í.
D’imthig sé is bhí sé ag cur de ag cuardach chun gur bhain sé amach ?isg atá taobh thoir de Thuirín Mháig an Áth. Fuair sé an chapall ann ag inbhír dó féin. Sín sé é féin ar chrocán is leag sé a mhaide uaidh len’ ais. Bhí áthas air mar chall ar an chapall d’fhágailt. Mheas sé go mhothuig é nealáinín codhladhta ag teacht air.(continues on next page)- Collector
- Mícheál Ó Fianachta
- Gender
- Male
- Age
- c. 80
- Address
- Clochbhuaile, Co. Kerry
- Collector
- Sígle Ní Conaill
- Gender
- Female