School: An Gleann Mór (roll number 13973)
- Location:
- An Gleann Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire T. Ní Chonaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann Mór
- XML Page 021
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Ar chualais riamh an rud a dubhairt a' fear chliste fadó.”
Ar chualais riamh an rud a dubhairt a' fear chliste fadó
Bhean mic is máthair a chéile mar bheadh cat is luch in aghaidh a chéile
Ní bhíonn sé amhlaidh ins gach cúis ach mo chreach fada bíonn an beirt seo go hachrannach dána le na chéile go ró mhinic.
Má seadh cloisidh sibh mar gheall ar bheirt aca :-
‘Seadh / siar sa chómhad a chómhnuig an beirt, sean “lady” agus céile a mic. Lá áirighthe chuireadar tochtaí na leapthan amach fé’n spéir. D’eirig eadtordha. Bhí an sean bhean an-channcarach is nuair a bhí an bhean óg a’ fághailt an lámh uchatair uirthí níor dhein sí ach buaileadh amach agus an sgian do thabhairt ar thochta na mná eile. Bhí gála ón iar-thuaisceart, is tógadh an cleití go léir in aon sgamall amhain, ináirde ins na spéirthibh. Do ghluais an sgamall leis an gaoithe agus soir ó dheas leis os cíonn Túrcoille.
Bhí sean-duine sa bhaile san ar a ngarraí Pádruig Tuarcoillte *. Thárla go raibh sé amuich sa pháirc nuair a bhí na cleití ag gábhail thart. Cheap sé gur pheidhleacáin a bhí connta.
*Tuarcoillte . treibh de Mhuintir Shuillebeán . fuaireadar an ainm seo ó n-a n¬-áit cónnuidhte agus ?(continues on next page)- Collector
- Dómhnall Ó Conaill
- Gender
- Male
- Informant
- Pádraig Ó Cathalán
- Gender
- Male
- Age
- c. 70
- Address
- Derreenavurrig, Co. Kerry